MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Gnéithe den Imirce Shéasúrach ó Cheantair Ghaeltachta Iarthuaisceart Dhún na nGall ó 1840 – c.1970.


    Ní Dhroighneáin, Eimear (2016) Gnéithe den Imirce Shéasúrach ó Cheantair Ghaeltachta Iarthuaisceart Dhún na nGall ó 1840 – c.1970. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (2MB) | Preview
    [img] Download (86MB)
    [img] Download (73MB)
    [img] Download (51MB)


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Roinneadh an tráchtas seo i gceithre chaibidil agus rinneadh mionscrúdú ar ghné amháin den imirce sna caibidlí éagsúla. Tá sé soiléir ón bplé sa chéad chaibidil, go raibh dianriachtanas ag baint leis an imirce shéasúrach ó phobail na Gaeltachta ar an mórthír i ndiaidh thréimhse an Ghorta Mhóir, i gcodarsnacht le muintir na n-oileán amach ó chósta Dhún na nGall a raibh orthu dul ar imirce le linn thréimhse an Ghorta Mhóir. I gCaibidil a Dó, pléitear an bealach inar fheidhmigh an tréimhse ar an Lagán mar an chéad chéim ar thuras na himirce do phobal na Gaeltachta. Bhíodh sé de dhualgas ar mhuintir óg na dteaghlach úd dul ar fostú séasúrach i bhfad ón mbaile agus an scoil a fhágáil ar feadh roinnt míonna, le hairgead a shaothrú, airgead a bhí ag teastáil go géar lena dteaghlaigh a chothú. Léiríonn Caibidil a Trí tionchar na himirce in Albain ar imirceoirí Conallacha agus eispéiris mhaireachtála na n-oibrithe thall. Soláthraíonn anailís na caibidle seo eolas faoin saol oibre, faoi choinníollacha oibre, faoi chúrsaí airgid, faoi thithíocht agus faoi uaigneas na n-imirceoirí. Is iad scéalta na n-aisimirceoirí is ábhar don phlé i gcaibidil deiridh an tráchtais. Pléitear deacrachtaí agus dúshláin na n-eisimirceoirí agus iad ag filleadh ar an mbaile le socrú síos go fadtéarmach. Tá dhá mhodh i gceist sa tráchtas seo: grinnléitheoireacht ar shaothair Ghaeilge idir bheathaisnéisí agus fhicsean chomh maith le hagallaimh le himirceoirí ó cheantair Ghaoth Dobhair agus Rann na Feirste, atá ar dhlúthdhioscaí a ghabhann leis an tráchtas. Is é mórthoradh an taighde seo, dar liom, gur ríléir gur dlúthchuid de stair na himirce Éireannaí í an imirce shéasúrach agus gur caibidlí fíorthábhachtacha i scéal na himirce sin an imirce shéasúrach ar an Lagán agus an imirce shéasúrach go hAlbain.

    Item Type: Thesis (Masters)
    Keywords: Gnéithe den Imirce Shéasúrach; Cheantair Ghaeltachta Iarthuaisceart; Dhún na nGall; 1840 – 1970;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 10405
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 08 Jan 2019 15:23
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads