MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Croidhe Cainnte Chiarraighe Sean Og O Caomhanaigh a thiomsaigh


    Ni Mhaonaigh, Tracey (2008) Croidhe Cainnte Chiarraighe Sean Og O Caomhanaigh a thiomsaigh. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (8MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo - eagrán d’fhoclóir SO, CCC a réiteach don chló agus tráchtas mar threoirleabhar leis an saothar. Bhí SO ag gabháil dá mhórshaothar thar thréimhse 7 mbliana, agus cé gur chuir sé saothar le chéile ina raibh breis agus 2,200,000 focal, chinn An Roinn Oideachais nach bhfoilseoidís an saothar ag an am. Cuireadh naoi n-imleabhar is fiche an tsaothair ar coimeád sa Leabharlann Náisiúnta i ndiaidh don Roinn na cearta a cheannach ón údar, áit a bhfuil na himleabhair ó shin agus iad fós gan foilsiú. Bhí sé mar aidhm agam, mar sin, agus mé ag tosú amach, an saothar a thabhairt chun soláis arís trina réiteach don chló. Sula bhféadfainn aon rud eile a dhéanamli ba é an chéad chéim sa phróiseas eagarthóireachta an foclóir iomlán a chlóscríobh. Leag mé amach i bhfoirm Word ar dtús é (agus breis is 4,500 leathanach ann ar deireadh), agus ansin chuir mé cruth leathanach Gréasáin air ag baint úsáide as HTML agus JavaScript. De réir mar a bhí mé ag gabháil don chlóscríbhneoireacht, chuir mé le chéile liostaí de shainchomharthaí teanga agus bhailigh mé faoi na teidil seo a leanas iad, liostaí atá curtha ar fáil agam ar leathanach innéacs an fhoclóra: ‘Bcannachtaí & Mallachtaí’; ‘Éanlaith & Plandaí & Ainmhithe’; ‘Logainmneacha’; ‘Nósanna & Piseoga & Aimsir’; ‘Samhlacha (chomli ... le)’; ‘Tagairtí ón mBíobla’; ‘Litríocht & Amhránaíocht’; ‘Cnuasach de Chora Cainte’; ‘Polaitíocht & Cogaíocht’; ‘Seanfhocail &Ráite’. Anailís ar an saothar féin atá sa dara cuid den tionscadal. Breathnaítear ann ar shaol SO mar a chuirtear os ár gcomhair é in ábhar an fhoclóra. Déantar staidéar ansin ar na comhaontuithe a síníodh idir An Roinn Oideachais agus SO, agus pléitear ról an eagarthóra, RÓF, sa tionscadal. Serios an t-eagarthóir cuid mhór samplaí as an saothar ach rinne mise iarracht, chomh fada agus a bhí ar mo chumas, na samplaí sin a athchur sa téacs. Tharla in amanna, áfach, go raibh cuid acu scriosta amach róthrom chun go bhféadfainn an scríbhneoireacht a dhéanamh amach, fiú agus iarracht á déanamh agam cruth bharr agus bhun na litreacha a leanúint. I ndiaidh aghaidh a thabhairt ar an tionscadal féin, cuirtear réamhrá le chéile ina ndíritear ar chuid de ghnéithe na teanga mar atá siad caomhnaithe sa téacs ag SO, ina mease, foirmeacha briathartha, réimíreanna, agus úsáid an ghinidigh.

    Item Type: Thesis (PhD)
    Keywords: Croidhe; Cainnte; Chiarraighe; Sean Og O Caomhanaigh;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 5235
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 24 Jul 2014 16:07
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads