MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Catalóg Mhionsonraithe de Chomhaid Aistriúcháin an Ghúim 1926–66 mar aon le Staidéar ar an Tionchar a bhí ag Fórsaí Seachtracha Áirithe ar Obair an Chomhlachta Foilsitheoireachta le linn na Tréimhse sin


    Cassin, Teresa (2019) Catalóg Mhionsonraithe de Chomhaid Aistriúcháin an Ghúim 1926–66 mar aon le Staidéar ar an Tionchar a bhí ag Fórsaí Seachtracha Áirithe ar Obair an Chomhlachta Foilsitheoireachta le linn na Tréimhse sin. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (2MB) | Preview
    [img]
    Preview
    Download (9MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Is é atá sa tráchtas seo catalóg inchuardaithe de na comhaid a bhaineann le haistriúcháin an Ghúim sa tréimhse idir 1926 agus 1966—comhaid atá ar coimeád i gCartlann Náisiúnta na hÉireann—mar aon le cuntas ar thionchar fórsaí seachtracha áirithe ar obair an chomhlachta foilsitheoireachta le linn an ama sin. Tá trácht, chomh maith, ar an gcaoi ar dhéileáil an Gúm leis na fórsaí úd, trácht a thugann léargas ar an tionchar a bhí acu ar oifigigh agus ar aistritheoirí na heagraíochta, agus ar an gcaidreamh idir an dá dhream. Tá caibidil sa tráchtas ar ábhar na catalóige, agus tá fáil ar an gcatalóg féin in Imleabhar 2 den saothar. Is í seo an chéad chatalóg a bhfuil fáil inti ar mhioneolas i dtaobh na gcáipéisí atá sna comhaid agus i dtaobh na ndaoine a ndeachaigh an Gúm i gcomhairle leo agus saothair á roghnú agus á meas acu. Tá míchlú ar scéim aistriúcháin an Ghúim le fada an lá. De réir an Ollaimh Nollaig Mac Congáil, rinne an comhlacht ‘tromaíocht ar na haistritheoirí’1 agus ‘cha raibh rath ar bith uirthi mar scéim’.2 Deir an tOllamh Alan Titley, áfach, gurb é ‘oighear an scéil é gur luachmhaire agus gur fiúntaí cuid de na haistriúcháin sin ná go leor den bhunsaothar a bhí á fhoilsiú ar chomhuain leo’,3 agus léireofar sa saothar seo nárbh é an Gúm féin, ach na laincisí difriúla a bhí orthu, ba chúis leis an droch-cháil. Is iad na comhaid ina léirítear an chumhacht a bhí ag fórsaí seachtracha áirithe orthu croí an tsaothair seo. Déantar mionscrúdú ar chás sé aistriúchán ar leith mar eiseamláirí ionadaíocha ar an gcumhacht sin.4 I gcomhthéacs na dtéacsanna seo, tugtar cuntas ar an tionchar a bhí ag fórsaí seachtracha ar chinneadh an Ghúim glacadh le haistriúcháin fhochaighdeánacha, ar an tionchar a bhí ag meon cinsireachta na linne in Éirinn ar obair aistriúcháin an chomhlachta agus ar an tionchar a bhí ag éiginnteacht na rialacha maidir le foilsiú sa chló Gaelach agus sa chló Rómhánach ar an obair chéanna. Tabharfaidh an scrúdú seo léargas, mar sin, ar roinnt de na deacrachtaí a bhí le sárú ag na haistritheoirí agus ag na hoifigigh agus aistriúcháin á gcur ar fáil acu do lucht léitheoireachta na Gaeilge.

    Item Type: Thesis (PhD)
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 12561
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 09 Mar 2020 17:14
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads