MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Maidhc Dainín Ó Sé mar Scéalaí: Anailís Chritice ar Shaothair Mhaidhc Dainín Ó Sé


    Ní Sprúháin, Bríd (2005) Maidhc Dainín Ó Sé mar Scéalaí: Anailís Chritice ar Shaothair Mhaidhc Dainín Ó Sé. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (5MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Tá réamhrá, ocht gcaibidil agus conclúid le feiceáil san obair seo. An argóint atá á dhéanamli sa mhórthráchtas seo ná gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Déantar anailís chritice ar an dá shaothar déag atá foilsithe aige go dtí an lá atá inniú ann sa mhórthráchtas seo. Tiomnaítear Caibidil 1 do sheánra. Déantar sainmhíniú ar sheánra. Braitear gur caibidil thábhachtach í an chaibidil seo mar baineann Maidhc Dainín Ó Sé úsáid as cúig sheánra difriúla ina chuid scríbhneoireachta; úrscéalta, leabhair dírbheathaisnéise, mionúrscéalta, filíocht agus fabhalscéalta. Tá léirmheasanna as an iris Comhar ar shaothair an údair seo le feiceáil sa chaibidil seo chomh maith. Baineann Caibidil 2, 3 agus 4 leis na húrscéalta; Tae le Tae, Dochtúir na bPiast, Greenhorn agus Lili Fraine. Pléitear téamaí coitianta na núrscéalta i gCaibidil 2; téama na himirce, téama an ghrá, téama an fhoréigin agus an fhill agus téama na sainte. An teideal atá ar Chaibidil 3 ná Ról na bhFear. Is féidir fir na núrscéalta a ghrúpáil mar a leanas; coirpigh, laochra, fír mhaithe agus fir mhaithe a dhéanann roghanna amaideacha. Tiomnaítear Caibidil 4 do Ról na mBan. Is féidir mná na núrscéalta a ghrúpáil chomh maith; íobartaigh, mná misniúla maithe agus mná laga. Baineann Caibidil 5 leis na leabhair dírbheathaisnéise; A Thig Ná TU Orm, Mura mBuafam - Suathfam agus Chicago Driver. Baineann an chéad ceann atá luaite le seánra an Childhood. Is féidir leabhar dírbheathaisnéise a thabhairt ar an dara ceann. Nil struchtúr le feiceáil i Chicago Driver ar chor ar bith agus mar gheall ar sin tá sé 1 deacair an leabhar áirithe seo a chur in aon sheánra amháin. Pléitear eachtraí fánacha ó shaol an údair sa leabhar seo. Is eachtraí réadúla iad áfach agus is é sin an fáth a chuirtear an leabhar seo sa seánra seo. Pléitear an cnuasach mionúrscéalta, Corcán na dTrí gCos, agus an cnuasach filíochta, Citeal na Stoirme i gCaibidil 6. Dírítear aird ar théamaí agus ar charachtair na mionúrscéalta agus dírítear aird ar théamaí na filíochta. Tá scéal gearr ó shaol an údair á insint i ngach dán agus treisíonn seo an argóint gur scéalaí é Maidhc Dainín Ó Sé. Tiomnaítear Caibidil 7 do na fabhalscéalta, Is Glas iad na Cnoic, Madraí na nOcht gCos agus Mair, a Chapaill. Is leabhair iad seo atá dírithe ar léitheoirí óga na Gaeilge. Tá ceacht le fáil i ngach ceann. Is ainmhithe iad na príomhcharachtair agus tá cumas na teanga acu. Sa chaibidil dheireanach, déantar anailís ar stíl an údair seo. Dírítear aird ar théama, ar phlota, ar struchtúr scéalaíochta, ar charachtar, ar shuíomh agus ar theanga ó thaobh stíle de.

    Item Type: Thesis (Masters)
    Keywords: Maidhc Dainín Ó Sé;
    Academic Unit: Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 5317
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 14 Aug 2014 13:43
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads