Ní Shíocháin, Tríona
(2020)
‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’: an teanga fhíortha agus próiseas an deasghnátha i seoithín traidisiúnta ó Ghaeltacht Mhúscraí.'.
COMHARTaighde (6).
ISSN 2009-8626
Abstract
Déanfar plé sa pháipéar seo ar choincheap Bhean an Leasa mar atá le fáil sa seoithín traidisiúnta
‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’ ó Ghaeltacht Mhúscraí. Ba ghnáthchuid de chleachtais
thraidisiúnta amhránaíochta é an seoithín a bhí ceangailte go dlúth le saol an teaghlaigh agus le cúram
leanaí go háirithe. Bhí rian an deasghnátha agus na draíochta go láidir air (Ó Madagáin 1989, 1992)
agus ba chleachtas cruthaitheach é dá réir sin a tuigtí mar chosaint ar an dainséar, agus a bhí nasctha
go dlúth le tuiscintí an phobail ar an osnádúr. Ag tarraingt ar shaothar Mháire Ní Annracháin ar an
teanga fhíortha i dtraidisiún na Gaeilge, agus ar shaothar Angela Bourke ar na scéalta sí, cíorfar an
nasc idir an meafar, an saol eile, agus feidhm dheasghnáthaíoch na hamhránaíochta i gcás an tseoithín
seo. Díreofar go speisialta ar an aistear tairseachúil a chruthaíodh an seoithín traidisiúnta don tsuib‑
iacht bhaineann, ar an ionchollú trí mheán na hamhránaíochta ar bhean shamhailteach an leasa, agus
ar an bhfeidhm ar leith a bhí le domhan fíorúil an amhráin mar le ‘communitas’ nach beag a chruthú
idir mhná. Sholáthraigh dioscúrsaí trí mheán na hamhránaíochta ar an bhfuadach sí smaointeoireacht
shofaisticiúil choincheapúil a chuir ar chumas na mban dul i ngleic le gnéithe fíordhúshlánacha dá
saol. Ní hamháin go raibh tábhacht nach beag ag baint leis an seoithín traidisiúnta mar le teachtair‑
eachtaí rúnda agus dioscúrsaí faoi cheilt a nochtadh agus a phlé i measc na mban, dá réir, ach d’fhág
feidhm dheasghnáthaíoch an tseoithín teacht aniar ar leith sna mná in am an ghátair.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads