MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’: an teanga fhíortha agus próiseas an deasghnátha i seoithín traidisiúnta ó Ghaeltacht Mhúscraí.'


    Ní Shíocháin, Tríona (2020) ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’: an teanga fhíortha agus próiseas an deasghnátha i seoithín traidisiúnta ó Ghaeltacht Mhúscraí.'. COMHARTaighde (6). ISSN 2009-8626

    [img] Download (370kB)


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Déanfar plé sa pháipéar seo ar choincheap Bhean an Leasa mar atá le fáil sa seoithín traidisiúnta ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’ ó Ghaeltacht Mhúscraí. Ba ghnáthchuid de chleachtais thraidisiúnta amhránaíochta é an seoithín a bhí ceangailte go dlúth le saol an teaghlaigh agus le cúram leanaí go háirithe. Bhí rian an deasghnátha agus na draíochta go láidir air (Ó Madagáin 1989, 1992) agus ba chleachtas cruthaitheach é dá réir sin a tuigtí mar chosaint ar an dainséar, agus a bhí nasctha go dlúth le tuiscintí an phobail ar an osnádúr. Ag tarraingt ar shaothar Mháire Ní Annracháin ar an teanga fhíortha i dtraidisiún na Gaeilge, agus ar shaothar Angela Bourke ar na scéalta sí, cíorfar an nasc idir an meafar, an saol eile, agus feidhm dheasghnáthaíoch na hamhránaíochta i gcás an tseoithín seo. Díreofar go speisialta ar an aistear tairseachúil a chruthaíodh an seoithín traidisiúnta don tsuib‑ iacht bhaineann, ar an ionchollú trí mheán na hamhránaíochta ar bhean shamhailteach an leasa, agus ar an bhfeidhm ar leith a bhí le domhan fíorúil an amhráin mar le ‘communitas’ nach beag a chruthú idir mhná. Sholáthraigh dioscúrsaí trí mheán na hamhránaíochta ar an bhfuadach sí smaointeoireacht shofaisticiúil choincheapúil a chuir ar chumas na mban dul i ngleic le gnéithe fíordhúshlánacha dá saol. Ní hamháin go raibh tábhacht nach beag ag baint leis an seoithín traidisiúnta mar le teachtair‑ eachtaí rúnda agus dioscúrsaí faoi cheilt a nochtadh agus a phlé i measc na mban, dá réir, ach d’fhág feidhm dheasghnáthaíoch an tseoithín teacht aniar ar leith sna mná in am an ghátair.

    Item Type: Article
    Keywords: an seoithín; an saol eile; an teanga fhíortha; an tairseachúlacht; an smaointeoireacht;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Early Irish (Sean Ghaeilge)
    Item ID: 18374
    Identification Number: https://doi.org/10.18669/ct.2020.05
    Depositing User: Triona Ni Shiochain
    Date Deposited: 11 Apr 2024 14:37
    Journal or Publication Title: COMHARTaighde
    Publisher: Comhar Teoranta
    Refereed: Yes
    URI:
    Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

    Repository Staff Only(login required)

    View Item Item control page

    Downloads

    Downloads per month over past year

    Origin of downloads