Stifter, David
(2013)
An léann ceilteach san ostair.
Leachtai Cholm Cille, XLIII.
pp. 154-174.
ISSN 07918658
Abstract
Tá difríocht shuntasach amháin ann idir an Léann Ceilteach sa
Ghearmáin – tír lenar bhain líon sonrach de scoláirí iomráiteacha
Ceiltise ón naoú haois déag anuas – agus san Ostair: níor bhain
oiread agus scoláire iomráiteach Ceiltise leis an Ostair go dtí le dhá
ghlúin anuas.1 Dealraíonn sé nach bhfuil ach aon eisceacht amháin
ón méid seo: Julius Pokorny, ach is féidir Pokorny a chomhaireamh
i measc scoláirí na Gearmáine agus ní i measc scoláirí na hOstaire.
Is ar éigean a deir Seán Ó Lúing, mar shampla, aon fhocal faoin
Ostair agus faoi scoláirí na hOstaire ina leabhar faoin Léann
Ceilteach san Eoraip.2 Toisc nach ndearnadh tuairisc uileghabhálach
ar imeachtaí an Léinn Cheiltigh san Ostair roimhe seo, is
feiliúnach an rud é, ar an gcéad dul síos, cnuasach cuimsitheach de
scoláirí Ostaracha a raibh nó a bhfuil suim acu i ngnéithe den
Léann Ceilteach a chur i láthair. Is fearr focail tosaigh a rá fúthusan,
agus is fearr stair an Léinn Cheiltigh san Ostair ina hiomláine
a chur i láthair agus na bealaí difriúla a ndeachaigh an Léann
Ceilteach a thaispeáint, seachas mionchuntas a thabhairt ar dhaoine
ar leith. I ndeireadh an ailt, bainfear triail as léargas a thabhairt ar
threonna an Léinn Cheiltigh san Ostair. Táthar ag súil go
soláthróidh an suirbhé seo pointe tosaigh do shainscrúduithe ar
scoláirí ar leith amach anseo.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads