Lawlor, Una
(2014)
Logainmneacha na mBailte Fearainn i nDamh Liag Íochtarach.
PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Is é sprioc an tráchtais seo staidéar a dhéanamh ar logainmneacha na mbailte fearainn i
nDamh Liag Íochtarach trí fhoinsí stairiúla Gaeilge, Laidine, Fraincise agus Béarla, mar
aon le léarscáileanna a cheadú, chun samplaí stairiúla na logainmneacha a aimsiú agus a
chruinniú, a chlárú in ord croineolaíoch agus a mheas. Déantar iarracht na heilimintí atá
ceilte iontu a aithint, a scaradh óna chéile agus a phlé i gcomhthéacs na fianaise a
bailíodh. Déantar soiléiriú ar bhunús na n-eilimintí sin nuair is féidir. Déantar anailís ar
struchtúr na logainmneacha a bailíodh. Cuirtear leaganacha comhaimseartha foghraíocha
san áireamh. Déantar iarracht claochlaithe litrithe an Bhéarla ar na logainmneacha
Gaeilge a scaoileadh agus cuirtear leaganacha díobh ar fáil i litriú comhaimseartha na
Gaeilge nuair is féidir.
Is de réir an pharóiste a eagrófar an t-ábhar. Léirítear an modh eagarthóireachta sa
Réamhrá, agus déantar meas ar mhianach na bhfoinsí a ceadaíodh don tráchtas a bhfuil
tréimse fada ama i gceist leo, mar aon le caighdeán an-mheasctha. Cuirtear blas díobh ar
fáil in amanna.
Insítear go ginearálta faoi Dhamh Liag Íochtarach i gCaibidil 1.
Cuirtear an fhianaise a bailíodh ar na logainmneacha i láthair i gCaibidil 2. Pléitear í agus
déantar léirmhíniú ar eilimintí na logainmneacha de réir mar a thagann siad chun solais.
Breathnaítear ar an tionchar a bhí ag na Gaeil, ag an gCríostaíocht agus ag na coilíní ar
logainmneacha na leathbharúntachta i gCaibidil 3. Cláraítear céad-taifead VILLA/ TON/
TOUN/ TOWN[E]/ BAL i gcáipéisí na gcoilíneach ón 13ú haois go dtí an 17ú haois.
Pléitear an eilimint BAL. Braitear anáil ón bhFrainc agus ón mBreatain Bheag ar líon anbheag
logainmneacha.
Rangaítear logainmneacha Dhamh Liag Íochtarach de réir a struchtúr i gCaibidil 4.
Cuirtear liosta de na logainmneacha ar fáil de réir teanga ag deireadh an tráchtais.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads