MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    ‘Níl Sé D’Acmhainn Agam Bheith Im Fhear’: An Fearfhile, An Traidisiún Fireann Agus An Fear Mífhearúil i Scríbhneoireacht Sheáin Uí Ríordáin


    Mitchell, Amy (2019) ‘Níl Sé D’Acmhainn Agam Bheith Im Fhear’: An Fearfhile, An Traidisiún Fireann Agus An Fear Mífhearúil i Scríbhneoireacht Sheáin Uí Ríordáin. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (2MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Is minic a bhaintear úsáid as an dán ‘Banfhile’ le Seán Ó Ríordáin i gcuntais fheimineacha, ina ndéantar plé ar an smacht fadtéarmach a bhí ag na scríbhneoirí fireanna ar chanóin na Gaeilge agus ar dhearcadh díspeagúil na scríbhneoirí fireanna sin i leith scríbhneoireacht na mban. Níl sé mar aidhm ag an údar seo tábhacht na gcuntas sin a cheistiú. Cruthaíodh spás do scríbhneoirí baineanna sa chanóin mar gheall gur chuir na tráchtairí feimineacha béim ar an míchothromaíocht inscne a bhí le brath sa traidisiún agus mar gheall gur spreag a gcuid saothar díospóireachtaí tábhachtacha faoin gcanóin. Tugtar le fios sna cuntais sin, áfach, gur ghlac an Ríordánach páirt ghníomhach i dtraidisiún patrarcach na Gaeilge. Déanfar an tuiscint seo ar scríbhneoireacht an Ríordánaigh a cheistiú sa tráchtas seo. Díreofar ar an léiriú a rinne an Ríordánach ar an bhfearúlacht, ar an gcollaíocht, ar an máithreachas agus ar an ‘síolrú cultúrtha’ ina chuid scríbhneoireachta, mar aon leis an nasc idir an léiriú seo agus litríocht na hÉireann, idir litríocht na Gaeilge agus litríocht an Bhéarla, cultúr na hÉireann agus sochaí na hÉireann. Trí mhionphlé a dhéanamh ar fhilíocht agus, go háirithe, ar dhialann an Ríordánaigh, ar choinníollacha a shaoil agus ar noirm na sochaí comhaimseartha, a raibh tionchar acu ar a phróiseas smaointeoireachta, léireofar go raibh dearcadh an-chasta ag an Ríordánach i leith a choirp, i leith na collaíochta, i leith na mban, agus i leith an traidisiúin. Bhí tionchar ag castacht a dhearcaidh i leith na n-ábhar thuasluaite ar an tuiscint a bhí aige ar a fhearúlacht féin, agus bhí tionchar ag an tuiscint seo ar an tuiscint a bhí aige air fein mar scríbhneoir fireann, a bhí ag iarraidh áit a bhaint amach dó féin i dtraidisiún ar a raibh smacht ag na fir le fada an lá.

    Item Type: Thesis (PhD)
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 12560
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 09 Mar 2020 17:13
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads