Ní Bhroin, Alma
(2022)
Eagrán de na Scéalta Béaloidis
a Bhailigh Úna Ní Chualáin (1871-1929)
ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Árainn.
PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Is iomaí scoláire a thug cuairt ar Oileáin Árann chun blaiseadh a fháil den saibhreas
teanga agus cultúir atá le fáil iontu. Tháinig scoláirí ón Eoraip, mar shampla, Georges
Dottin ón bhFrainc, Holger Pedersen ón Danmhairg agus Franz Nikolaus Finck ón
nGearmáin agus d’eascair neart saothar acadúil as na cuairteanna seo, mar shampla, Die
araner mundart: Ein beitrag zur erforschung des westirischen (1899) le Finck agus
Scéalta Mháirtín Neile: Bailiúchán Scéalta ó Árainn (1994) le
Munch-Pedersen/Pedersen. Is liosta le háireamh iad na daoine eile a thug cuairt ar na
hoileáin agus a bhailigh ábhar béaloidis iontu, mar shampla, Eoghan Ó Gramhnaigh,
Seosamh Ó Flannagáin agus Myles Dillon. Cuireadh cuid den ábhar seo béaloidis a
bailíodh i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis agus Béaloideas.
Cuirtear naoi scéal déag béaloidis in eagar sa saothar seo, scéalta a bhailigh Úna Ní
Chualáin (1871-1929) ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Eoghanacht, Árainn idir 1903
agus 1906. Is díol suntais é gur cosúil gurb é seo an chéad bhailiúchán suntasach de scéalta
béaloidis i nGaeilge a bhailigh bean in Oileáin Árann, nó go deimhin in Éirinn trí chéile.
Cuireadh na scéalta isteach ar chomórtas Oireachtais agus bronnadh duais ar chuid acu
sna blianta 1903, 1904 agus 1905. Tá bunleaganacha na scéalta ar coimeád i Ls. G244 i
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann anois. Tugtar cuntas i gCaibidil 1 ar shaol Úna Ní
Chualáin agus ar shaol Choilm Uí Iarnáin. I gCaibidil 2, déantar mionchur síos – sa
Mhodh Eagarthóireachta – ar na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm ar na scéalta, agus
déantar plé ar roinnt gnéithe eile den teanga a fheictear sa bhunlámhscríbhinn freisin.
Cuirtear leagan cóirithe na naoi scéal déag a bhailigh Úna Ní Chualáin ó Cholm Ó
hIarnáin ar fáil ansin i gCaibidil 3-21. Ar deireadh, cuirtear liosta foilseachán Úna Ní
Chualáin ar fáil.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads