MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Eagrán de na Scéalta Béaloidis a Bhailigh Úna Ní Chualáin (1871-1929) ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Árainn


    Ní Bhroin, Alma (2022) Eagrán de na Scéalta Béaloidis a Bhailigh Úna Ní Chualáin (1871-1929) ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Árainn. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (1MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Is iomaí scoláire a thug cuairt ar Oileáin Árann chun blaiseadh a fháil den saibhreas teanga agus cultúir atá le fáil iontu. Tháinig scoláirí ón Eoraip, mar shampla, Georges Dottin ón bhFrainc, Holger Pedersen ón Danmhairg agus Franz Nikolaus Finck ón nGearmáin agus d’eascair neart saothar acadúil as na cuairteanna seo, mar shampla, Die araner mundart: Ein beitrag zur erforschung des westirischen (1899) le Finck agus Scéalta Mháirtín Neile: Bailiúchán Scéalta ó Árainn (1994) le Munch-Pedersen/Pedersen. Is liosta le háireamh iad na daoine eile a thug cuairt ar na hoileáin agus a bhailigh ábhar béaloidis iontu, mar shampla, Eoghan Ó Gramhnaigh, Seosamh Ó Flannagáin agus Myles Dillon. Cuireadh cuid den ábhar seo béaloidis a bailíodh i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis agus Béaloideas. Cuirtear naoi scéal déag béaloidis in eagar sa saothar seo, scéalta a bhailigh Úna Ní Chualáin (1871-1929) ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Eoghanacht, Árainn idir 1903 agus 1906. Is díol suntais é gur cosúil gurb é seo an chéad bhailiúchán suntasach de scéalta béaloidis i nGaeilge a bhailigh bean in Oileáin Árann, nó go deimhin in Éirinn trí chéile. Cuireadh na scéalta isteach ar chomórtas Oireachtais agus bronnadh duais ar chuid acu sna blianta 1903, 1904 agus 1905. Tá bunleaganacha na scéalta ar coimeád i Ls. G244 i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann anois. Tugtar cuntas i gCaibidil 1 ar shaol Úna Ní Chualáin agus ar shaol Choilm Uí Iarnáin. I gCaibidil 2, déantar mionchur síos – sa Mhodh Eagarthóireachta – ar na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm ar na scéalta, agus déantar plé ar roinnt gnéithe eile den teanga a fheictear sa bhunlámhscríbhinn freisin. Cuirtear leagan cóirithe na naoi scéal déag a bhailigh Úna Ní Chualáin ó Cholm Ó hIarnáin ar fáil ansin i gCaibidil 3-21. Ar deireadh, cuirtear liosta foilseachán Úna Ní Chualáin ar fáil.

    Item Type: Thesis (PhD)
    Keywords: Úna Ní Chualáin; 1871-1929; ó Cholm Ó hIarnáin; 1871-1924; Árainn;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 16525
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 19 Sep 2022 13:21
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads