Keegan, Fintan Brian
(2019)
Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, 1650-1900: Beathaisnéisí.
PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Is éard atá sa tráchtas seo, sraith beathaisnéisí ar scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, ceantar a chuimsíonn Cúige Uladh, mar aon le scríobhaithe Cho. Lú, na Mí, na hIarmhí, an Longfoirt agus Co. Liatroma, an méid acu a bhí ag saothrú sa tréimhse idir na blianta 1650 agus 1900.
Déantar plé ginearálta sa chéad chaibidil den tráchtas ar: (i) thraidisiún na lámhscríbhinní sa cheantar; (ii) an méid lámhscríbhinní a tháinig slán; (iii) scriosadh na lámhscríbhinní; (iv) an méid eolais agus nádúr an eolais atá le tacar as na colafoin; (v) na nótaí pearsanta a chuir na scríobhaithe lena gcuid saothar. Pléitear cuid de na deacrachtaí a bhaineann le staidéar na lámhscríbhinní i gcás an cheantair fosta. De bhreis ar an ábhar sin, tugtar nótaí ar oidis dúigh a d’fhág na scríobhaithe ina ndiaidh, agus ar ghnéithe eile de dhéantús na lámhscríbhinní trí chéile.
Is í an dara caibidil príomhchuid an tráchtais, áit a ndéantar scagadh ar bheathaisnéisí 231 scríobhaí atá incheangailte leis an gceantar. Soláthraítear mar chuid den phlé sin: (i) liostaí sealadacha lámhscríbhinní, duine ar dhuine; (ii) sleachta as taifid riaracháin na tréimhse le cur leis an mbeagán sonraí a thugann na scríobhaithe fúthu féin ina gcuid lámhscríbhinní. Ar na foinsí príomha eile a mbaintear leas astu, tá (i) giotaí comhfhreagrais; (ii) an fíorbheagán scéalta béaloidis faoi na scríobhaithe atá ar taifead, nithe a cheadaítear chun na críche céanna. Ríomhtar, chomh fada agus is féidir, na gréasáin liteartha ina mbíodh na scríobhaithe seo páirteach.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads