MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, 1650-1900: Beathaisnéisí


    Keegan, Fintan Brian (2019) Scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, 1650-1900: Beathaisnéisí. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (8MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Is éard atá sa tráchtas seo, sraith beathaisnéisí ar scríobhaithe Gaeilge an Tuaiscirt, ceantar a chuimsíonn Cúige Uladh, mar aon le scríobhaithe Cho. Lú, na Mí, na hIarmhí, an Longfoirt agus Co. Liatroma, an méid acu a bhí ag saothrú sa tréimhse idir na blianta 1650 agus 1900. Déantar plé ginearálta sa chéad chaibidil den tráchtas ar: (i) thraidisiún na lámhscríbhinní sa cheantar; (ii) an méid lámhscríbhinní a tháinig slán; (iii) scriosadh na lámhscríbhinní; (iv) an méid eolais agus nádúr an eolais atá le tacar as na colafoin; (v) na nótaí pearsanta a chuir na scríobhaithe lena gcuid saothar. Pléitear cuid de na deacrachtaí a bhaineann le staidéar na lámhscríbhinní i gcás an cheantair fosta. De bhreis ar an ábhar sin, tugtar nótaí ar oidis dúigh a d’fhág na scríobhaithe ina ndiaidh, agus ar ghnéithe eile de dhéantús na lámhscríbhinní trí chéile. Is í an dara caibidil príomhchuid an tráchtais, áit a ndéantar scagadh ar bheathaisnéisí 231 scríobhaí atá incheangailte leis an gceantar. Soláthraítear mar chuid den phlé sin: (i) liostaí sealadacha lámhscríbhinní, duine ar dhuine; (ii) sleachta as taifid riaracháin na tréimhse le cur leis an mbeagán sonraí a thugann na scríobhaithe fúthu féin ina gcuid lámhscríbhinní. Ar na foinsí príomha eile a mbaintear leas astu, tá (i) giotaí comhfhreagrais; (ii) an fíorbheagán scéalta béaloidis faoi na scríobhaithe atá ar taifead, nithe a cheadaítear chun na críche céanna. Ríomhtar, chomh fada agus is féidir, na gréasáin liteartha ina mbíodh na scríobhaithe seo páirteach.

    Item Type: Thesis (PhD)
    Keywords: Scríobhaithe Gaeilge; Tuaiscirt; 1650-1900; Beathaisnéisí;
    Academic Unit: Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 16809
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 06 Jan 2023 14:34
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads