Ó Catháin, Micheál (2012) Dialann Phríosúin Sheáin a’ Chóta. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
PDF
DialannPhríosúinSheáinaChóta.pdf
Download (2MB)
DialannPhríosúinSheáinaChóta.pdf
Download (2MB)
Abstract
Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo: eagrán
dioplamáideach den dialann a choimeád Séan Óg Ó Caomhánaigh (‘Seán a’
Chóta’/‘An Cota’) ó 16 Feabhra – 13 Nollaig 1923; tráchtas ina ndéantar anailís ar
ghnéithe suntasacha den lámhscríbhinn sin. An rud atá i gceist le heagrán
dioplamáideach ná go bhfuil an athscríbhinn chomh dílis don bhunlámhscríbhinn agus
is féidir agus go ndéantar plé ar na deacrachtaí téacsúla ar fad a bhaineann leis an
téacs sa réamhrá agus sna fonótaí.
Maidir leis an dara cuid den tionscadal seo, cuirtear dialann Sheáin Óig ina
comhthéacs trí thuairisc a thabhairt ar shaol Sheáin Óig sa chéad chaibidil agus trí
chuntas a thabhairt ar na daoine, ar na háiteanna agus ar na saothair litríochta a
dtráchtar orthu sa dialann sna hinnéacsanna ag deireadh an tráchtais. Mar aon leis sin,
meáitear an dialann seo ó thaobh na staire de, ó thaobh na litríochta de agus ó thaobh
na teanga de. Meastar a tábhacht stairiúil sa dara caibidil trína cur i gcomparáid leis
na saothair is mó atá i gcló ina bpléitear an saol sna hionaid imtheorannaithe ag an am
seo. Déantar measúnú ar fhiúntas litríochta na dialainne, ansin, sa tríú caibidil trína
cur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le samplaí eile den seánra is mó lena mbaineann
sí, ‘Dialann an Phríosúnaigh Pholaitiúil’. Ar deireadh thiar, déantar anailís ar an
dialann ó thaobh na teangeolaíochta de sa cheathrú caibidil. Chuige sin,
mionscrúdaítear an rian a d’fhág na nithe seo ar theanga na dialainne: Gaeilge Chorca
Dhuibhne; nósanna litrithe agus gramadaí na linne; an Béarla; téarmaí a bhfuil an
chuma orthu gurbh fhéidir gurbh é Seán Óg féin a cheap iad; focail liteartha a bhí
dulta i léig.
Item Type: | Thesis (PhD) |
---|---|
Keywords: | Dialann; Phríosúin Sheáin; Diary; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 3731 |
Depositing User: | IR eTheses |
Date Deposited: | 06 Jun 2012 08:28 |
URI: | https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/3731 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year