Lankford, Eamonn
(1995)
Logainmneacha Chléire, Co. Chorcaí.
PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Ar bhailiúcháin 14,000 mion-áitainmneacha i gCo. Chorcaí a chuir mé le chéile
ó 1976 tá mion-áitainmneacha na n-oileán Inis Uí Drisceoil, Oileán Uí Chumaisc, Inis
Fada, Inis Cáim, Inis Earcáin, An Bhá Thuaidh agus Oileán Chléire. Is é atá sa
tráchtas seo ná bailiúchán Chléire agus An Bhá Thuaidh (Long Island Bay) ina bhfuil
2,105 ainm.
Seachas a bhfuil curtha ar fáil i dTriocha Céad Chorea Dhuibhne (1938) agus
Uí Ráthach (1954) leis An Seabhach ainmneacha bailte fearainn is mó atá faoi chaibidil
i saothair logainmníochta na hÉireann na haoise seo. Is beag duine a bhí 'amuigh sa
ghort' ag iarraidh beagán den mhóroidhreacht mhionáitainmneacha atá in Éirinn a
shábháil ó serios. Anuas go dtí 1975 níor cuireadh mapaí a léireodh suíomh beacht
mionainmneacha le formhór na mbailiúchán logainmneacha a bhí curtha ar fáil in
Éirinn roimhe sin, rud a d'fhág gur ar éigin a d'fhéadfaí anois teacht ar shuíomh puinn
des na hainmneacha a bhí luaite. Dhein An Cumann Logainmneacha, Baile Átha
Cliath éacht mar sin, sa bhliain 1975 trí Logainmneacha as Paróiste na Rinne, Co.
Phort Láirge a fhoilsiú maille le mapaí a thaispéanann na mionranna talaimh ina
bhfuil na háitainmneacha suite. Ba é The Living Landscape (1975) le Séamas Ó
Catháin agus Patrick O'Flanagan ina bhfuil mionainmneacha ó bhaile fearainn Cill
Ghallagáin, Co. Mhaigh Eo an chéad saothar in ar cuireadh mionáitainmneacha, maille
lena ndinnsheanchas, a leaganacha foghraíochta agus tuairisc ar a bhfaisnéiseoirí i
geló. Sa bhliain 1968 i léacht dar teideal 'Ainmneacha na nGarraithe- a Nádúr agus a
dTábhacht', a tugadh don Chumann Logainmníochta, chuir Breandán S. MacAodha
/ tús le scagadh agus rangú ar aieme áirithe de logainmneacha na hEireann d'fhonn
nádúr na mbuneilimintí iontu a aithint. Sa Living Landscape leanadh den iniúchadh
seo ar eilimintí áitainmneacha nuair a deineadh ainmneacha an bhailiúcháin áirithe seo a
rangú i seacht n-aieme de réir a gcáilíocht, líon agus dinnseanchas d'fhonn léargas a
thabhairt ar bhunús, feidhm agus líon na n-áitainmneacha a thabharfadh tuiscint ar
ghnéithe de shaol na ndaoine a chum. Bhí céimeanna mhóra tugtha i scoláireacht na
logainmníochta in Éirinn ag na húdair seo.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads