Uí Chollatáin, Regina
(2002)
An Claidheamh
Soluis
(agus Fáinne an Lae)
1899-1932
Anailís agus Clárú
ar phríomhnuachtán Ré na
hAthbheochana.
PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Cuireadh an CS i gelò in 1899 chun ábhar léitheoireachta a sholáthar do
ghnáthphobal na Gaeilge. Thuig Conradh na Gaeilge an géarghá a bhain
le huirlis chumarsáide dá gcuid féin a bheith acu a bheadh mar
shuaitheantas na Gluaiseachta Gaeilge. B’éard a bhí sa nuachtán go
bunúsach ná guth poiblí Chonradh na Gaeilge ó 1899-1932 ach toisc na
tréimhse inar cuireadh i gelò é, fágadh cáipéis staire a bheadh mar fhoinse
bhunaidh staire, litríochta agus teanga do léitheoirí an lae inniu. Is ag
féachaint siar ar imeachtaí teanga, eachtraí staire agus ar ghluaiseachtaí
litríochta na tréimhse seo a fheicimid an tábhacht a bhain leis an nuachtán
sa tslí gur fágadh i bhfad níos mó ná uirlis chumarsáide Chonradh na
Gaeilge do léitheoir an lae inniu.
Mar sin déantar iarracht sa tráchtas seo an CS a mheas in dhá tréimhse
a)an tréimhse inar cuireadh i geló é agus
b) sa lá atá inniu ann a bhfeictear torthaí na tréimhse inar cuireadh i geló
é.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads