Ní Mhaonaigh, Tracey
(2002)
David Copperfield mar
shaothar Gaeilge
- Staidéar ar ghnéithe d’aistriúchán
Sheáin Uí Ruadháin.
Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Cuireadh tús le scéim aistriúcháin an Ghúim le comórtas a fograíodh go
náisiúnta sa bhliain 1928. Is é a bhi mar aidhm leis an scéim seo an t-easnamh in
ábhar léitheoireachta na Gaeilge a lionadh. Roinn Seán Ó Ruadháin agus Micheál
Ó Siochfhradha céad ait an chomórtais, agus thug siad faoi Wild Sports o f the
West agus Monarch the Big Bear le haistriú. Le linn na dtríochaidí foilsíodh níos
mó ná 250 aistriúchán ó theangacha éagsúla - an Béarla ach go háirithe. Agus ón
uair a cuireadh tús leis an nGúm i 1926 go 1999 foilsíodh thart ar 590 aistriúchán
(nach téacsleabhair iad).1
Tharraing an scéim seo cuid de mhórscríbhneoirí na Gaeilge chuici féin,
ina mease Máirtín Ó Cadhain [Saile Chaomhánach], Séamus O Grianna (Máire)
[Faoi Chrann Smóla, Caiftín Blood, srl.], Seosamh Mac Grianna [Ben Hur,
Ivanhoe, srl.], Seán Mac Maoláin [Imtheacht an Iolair, Scéal Fá Dhá Chathair,
srl.], Niall Ó Dónaill [Mac Rí na hÉireann, Roibeart Emmet, srl.], ach má
tharraing féin ni raibh sí gan lucht a cáinte. Bhí tuairimí ann go raibh an iomarca
béime á cur ar na haistriúcháin, go raibh scríbhneoirí na Gaeilge ag aistriú in
ionad a bheith i mbun a saothar féin. Argóint eile a bhí ann ná nárbh fhiú na
saothair a aistriú go Gaeilge sa mhéid is go raibh an chuid is mó díobh aistrithe
ón mBéarla, agus go raibh fáil orthu sa teanga inar scríobhadh iad dá mba rud é
gur theastaigh ó dhaoine iad a léamh.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads