Ni Mhaonaigh, Tracey
(2008)
Croidhe Cainnte
Chiarraighe
Sean Og O Caomhanaigh a thiomsaigh.
PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Abstract
Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo - eagrán d’fhoclóir SO, CCC a
réiteach don chló agus tráchtas mar threoirleabhar leis an saothar. Bhí SO ag gabháil dá
mhórshaothar thar thréimhse 7 mbliana, agus cé gur chuir sé saothar le chéile ina raibh
breis agus 2,200,000 focal, chinn An Roinn Oideachais nach bhfoilseoidís an saothar ag
an am. Cuireadh naoi n-imleabhar is fiche an tsaothair ar coimeád sa Leabharlann
Náisiúnta i ndiaidh don Roinn na cearta a cheannach ón údar, áit a bhfuil na himleabhair
ó shin agus iad fós gan foilsiú.
Bhí sé mar aidhm agam, mar sin, agus mé ag tosú amach, an saothar a thabhairt chun
soláis arís trina réiteach don chló. Sula bhféadfainn aon rud eile a dhéanamli ba é an
chéad chéim sa phróiseas eagarthóireachta an foclóir iomlán a chlóscríobh. Leag mé
amach i bhfoirm Word ar dtús é (agus breis is 4,500 leathanach ann ar deireadh), agus
ansin chuir mé cruth leathanach Gréasáin air ag baint úsáide as HTML agus JavaScript.
De réir mar a bhí mé ag gabháil don chlóscríbhneoireacht, chuir mé le chéile liostaí de
shainchomharthaí teanga agus bhailigh mé faoi na teidil seo a leanas iad, liostaí atá curtha
ar fáil agam ar leathanach innéacs an fhoclóra: ‘Bcannachtaí & Mallachtaí’; ‘Éanlaith &
Plandaí & Ainmhithe’; ‘Logainmneacha’; ‘Nósanna & Piseoga & Aimsir’; ‘Samhlacha
(chomli ... le)’; ‘Tagairtí ón mBíobla’; ‘Litríocht & Amhránaíocht’; ‘Cnuasach de Chora
Cainte’; ‘Polaitíocht & Cogaíocht’; ‘Seanfhocail &Ráite’.
Anailís ar an saothar féin atá sa dara cuid den tionscadal. Breathnaítear ann ar shaol SO
mar a chuirtear os ár gcomhair é in ábhar an fhoclóra. Déantar staidéar ansin ar na
comhaontuithe a síníodh idir An Roinn Oideachais agus SO, agus pléitear ról an
eagarthóra, RÓF, sa tionscadal. Serios an t-eagarthóir cuid mhór samplaí as an saothar
ach rinne mise iarracht, chomh fada agus a bhí ar mo chumas, na samplaí sin a athchur sa
téacs. Tharla in amanna, áfach, go raibh cuid acu scriosta amach róthrom chun go
bhféadfainn an scríbhneoireacht a dhéanamh amach, fiú agus iarracht á déanamh agam
cruth bharr agus bhun na litreacha a leanúint. I ndiaidh aghaidh a thabhairt ar an
tionscadal féin, cuirtear réamhrá le chéile ina ndíritear ar chuid de ghnéithe na teanga mar
atá siad caomhnaithe sa téacs ag SO, ina mease, foirmeacha briathartha, réimíreanna,
agus úsáid an ghinidigh.
Repository Staff Only(login required)
|
Item control page |
Downloads per month over past year
Origin of downloads