MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Micheál Ó Conghaile: Scribhneoir Cumasach Dásachtach


    Ó Cofaigh, Pádraig (2004) Micheál Ó Conghaile: Scribhneoir Cumasach Dásachtach. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [img]
    Preview
    Download (2MB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    ls scríbhneoir conspóideach dásachtach é Micheál Ó Conghaile. Is follas go bhfuil cuspóir faoi leith aige ina chuid scríbhneoireachta nuair a dhéantar scagadh ar na saothair dhifriúla a scríobh sé idir dhrámaí, úrscéalta, agus ghearrscéalta. Is é sin tuiscint agus aird an léilheora a dhíriú ar chruachás mionlach sa tsochaí. Feicfear coimhlint go minie idir cruachás carachtair amháin sna scéalta agus an tsochaí ina maireann na carachtair sin. I gcuid mhaith de na scéalta is aonaráin iad na príomhcharachtair agus nil cuid mhór den tsochaí ina maireann siad in ann iad a thuiscint. Cothaítear conspóid sna scéalta mar thoradh ar an íogaireacht agus ar an macántacht a thaispeánann roinnt de na carachtair. Feicfear gur tréith stile ag an gConghaileach é na sonraí is pearsanta de chuid na gcarachtar a nochtadh ar mhodh luairisciúil don léitheoir. Léiríonn an Conghaileach cumas agus máistreacht a cheirde sa chaoi a bhfuil sé in ann bá an léitheora a mhúscailt agus a chothú le cruachás na gcarachtar úd agus is minie a spreagtar fíorspéis an léitheora, dar üom. I gCaibidil a hAon ba mhaith liom díriú isteach ar fhéiniúlacht na gcarachtar i gcomhthéacs na bhfadhbanna inmheánacha a bhíonn acu. Féachfar ar an mbealach atá acu chun déileáil lena gcás féin, agus ar na bealaí atá acu chun déileáil leis an tsochaí mórthimpeall orthu. An cuspóir a chuir mé romham i gCaibidil a Dó ná féachaint ar an tslí a bhíuil an Conghaileach conspóideach agus dúshlánach, fiú, ina chuid scríbhneoireachta. Tabharfar faoi deara go bhíuil sé conspóideach sa chaoi a gcuireann sé smaointe na gcarachtar ó thaobh na hEaglaise Caitlicí i láthair chomh maith leis an gcaoi a gcuirtear a gcuid mianta collai i láthair. I gCaibidil a Tri beifear ag féachaint ar an éigiall sa dá chnuasach gearrscéalta is deireanaí uaidh. Is iad sin An Fear A Phléasc (1997) agus An Fear Nach nDéanann 5 Gáire (2003). Feicfear an claonadh scéalaíochta céanna maidir leis an gcoimhlint idir carachtar amháin agus an tsochai ina maireann sé/si ann agus thairis sin, feicfear bua na cumadóireachta, an tsamhlaiocht chruthaitheach agus an greann ag teacht chun cinn go mór sna scéalta taitneamliacha úd. Feicfear an Conghaileach ag éirí nios muinini ina chuid scribhneoireachta sna slite éagsúla ina mbaineann sé leas as an éigiall sna scéalta. Tá féidearthachtaí aimsithe aige nach raibh aige cheana féin agus ar ndóigh, scríbhneoir níos críochnúla agus níos bisiúla is ea é dà bharr. Is i an chonclúid a bhainimse as mo chuid anailise ar shaolhar an mhórscríbhneora seo ná gur scríbhneoir comhaimsearlha, cumasach, dásachtach é Micheál Ó Conghaile sa chaoi a bhfuil sé in ann na tuairimí agus na gníomhaíochtaí is príobháidí agus is íogaire dá chuid carachtar a nochtadh go neamhbhalbh don léitheoir agus san am céanna tuiscint an léitheora a dhíriú agus a chothú ar chás na gcarachtar úd. Is cuma cén seanrá ina scríobhann sé feictear an tslí éifeachtach ala ag an scríbhneoir seo chun déileáil leis na fadhbarma conspóideacha atá ag roinnt mhaith dá chuid carachtar. Tabharfar faoi deara go n-éiríonn an Conghaileach níos turgnamhaí le himeacht na mblianta ionas go bhfeictear meascán iontach den éigiall agus den réalachas sna scéalta ina bhfuil a shamhlaíocht chruthaitheach ag teacht chun cinn go mór.

    Item Type: Thesis (Masters)
    Keywords: Micheál Ó Conghaile; Scribhneoir Cumasach Dásachtach;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 5281
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 07 Aug 2014 12:15
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads