MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Fasciculus Morum: Foinse Chomónta do Phrós Cráifeach na Gaeilge sa 17ú hAois?


    Ó Dúshláine, Tadhg (2007) Fasciculus Morum: Foinse Chomónta do Phrós Cráifeach na Gaeilge sa 17ú hAois? Studia Hibernica (34). pp. 111-122.

    [img]
    Preview
    Download (904kB) | Preview


    Share your research

    Twitter Facebook LinkedIn GooglePlus Email more...



    Add this article to your Mendeley library


    Abstract

    Is í an 17ú haois, aois mhór phrós na Gaeilge, prós reitriciúil, teagascach a bhfuil aidhmeanna cinnte caiticéise leis don chuid is mó, ach nach den gcaiticéis iarThriontach, faoi mar a leag Canisius amach i, ach mar fhorbairt agus mar dhaingniú ar an ábhar cráifeachta agus seanmóireachta a bhí fadbhunaithe ón mheánaois i leith. Bíodh a fhianaise sin ar thrí cinn de leabhair mhóra na tréimhse: SSA, TBGB agus PnamB.2 Seanmóirithe iomráiteacha a scríobh iad: Aodh MacAingil agus rá a bhéil fhéin againn mar fhianaise - 'ó nách léigthear dhúinn tré bhurba an pherseacuision forcheadal do dhénamh ó bheóF(94); b'fhéidir a áiteamh gur aon seanmóin mhór fhada amháin ar an mbás is ea TBGB, idir ábhar agus reitric; agus cnuasach óráidí ar na suáilcí agus na duáilcí is ea PnamB. Ni hamháin go bhfuil samplaí áirithe i gcuibhreann eatarthu ach tá scata den ábhar iontu le fáil sa Fasciculus Morum (FM anseo thíos), Leabhrán na mBéas, a tiomsaíodh le Proinsiasach Sasanach ag deireadh na 14ú haoise, mar ais seanmóireachta agus a bhí in úsáid choitianta ina dhiaidh sin, maraon leis an Liber Exemplorum, a chóirigh Proinsiasach Sasanach, lonnaithe in Éirinn, thart ar an mbliain 1275, an Speculum Laicorum, a chuir Proinsiasach Sasanach eile le chéile thart ar an dtréimhse chéanna, agus Les contes moralises de Nicole Bozon, frère mineur, a bhailigh Proinsiasach Sasanach eile fós go luath tar éis 1320.

    Item Type: Article
    Keywords: Fasciculus Morum; Foinse Chomónta do Phrós Cráifeach; Gaeilge; 17ú hAois;
    Academic Unit: Faculty of Arts & Humanities > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 9599
    Depositing User: Tadhg O Dushlaine
    Date Deposited: 27 Jun 2018 15:02
    Journal or Publication Title: Studia Hibernica
    Publisher: Liverpool University Press
    Refereed: Yes
    URI:
      Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

      Repository Staff Only(login required)

      View Item Item control page

      Downloads

      Downloads per month over past year

      Origin of downloads