MURAL - Maynooth University Research Archive Library



    Leigheasanna Traidisiúnta ar Ghalair Ainmhithe in Éirinn – Stair agus Comhthéacs


    Ní Dhroighneáin, Sailí (2025) Leigheasanna Traidisiúnta ar Ghalair Ainmhithe in Éirinn – Stair agus Comhthéacs. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.

    [thumbnail of Sailí Ní Dhroighneáin PhD.pdf] Text
    Restricted to Repository staff only until 5 December 2029.
    Available under License Creative Commons Attribution Non-commercial Share Alike.

    Download (2MB)

    Abstract

    Sa tráchtas seo, déantar iniúchadh ar leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn, agus fiosraítear go leanúnach an nasc idir leigheasanna/tuiscintí leighis ó thréimhse na meánaoise (caibidil 3), go dtí eolas a bailíodh sa naoi haois déag (caibidil 4), suas chomh fada leis an aonú haois is fiche (caibidil 5). Díríonn an taighde seo ar an leanúnachas, agus go deimhin an meath a tháinig ar na leigheasanna seo, agus déantar catagóiriú orthu de réir leigheasanna draíochta, leigheasanna luibhe agus leigheasanna praiticiúla/fisiciúla. Ó thaobh modheolaíochta de, úsáidtear cur chuige ildhisciplíneach a tharraingníonn ar ghort na staire, an bhéaloidis, na heolaíochta (i gcás luibheanna go mór mór), agus na heitneagrafaíochta. I measc na bhfoinsí a úsáideadh, tá taighde a rinneadh ar lámhscríbhinní meánaoiseacha, foinsí béaloidis ar nós Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus, ar deireadh, i gcaibidil a 5 agallaimh a rinneadh le deichniúr i nGaeltacht Chonamara. Cuireann na hagallaimh chomhaimseartha go mór leis an taighde ó thaobh: (i) Eolas ar chleachtais leighis ar leith bainteach le ceantar Chonamara. (ii) Spléachadh ar na tuiscintí agus nósanna bainteach leis na leigheasanna seo, rud a thugann léargas ar chomhthéacs sóisialta agus reiligiúnda an cheantair. (iii) Raidhse téarmaí Gaeilge a bhaineann le leigheasanna traidisiúnta sa réigiún seo. Léiríonn torthaí an taighde seo gur mhair roinnt de na leigheasanna/tuiscintí traidisiúnta ar ghalair ainmhithe — ar nós an creideamh sa drochshúil, úsáid fásraí agus comhábhair eile, chomh maith le cleachtais phraiticiúla/fhisiciúla ar leith suas go dtí an t-aonú haois is fiche. Taispeánann an taighde an leanúnachas, an claochlú, agus an meath a tháinig ar leigheasanna ar leith. Éiríonn leis an tráchtas seo eolas agus téarmaíocht bainteach le leigheasanna traidisiúnta ar ghalair ainmhithe in Éirinn a bhailiú in aon áit amháin chun nach ligfear an t-eolas seo i ndearmad. Déantar anailís ar na leigheasanna ar bhealach a thugann léargas ar an stair ársa a bhaineann leo, an bunús eolaíoch a bhaineann le cuid acu, chomh maith leis an eolas a thugann siad ar thuiscintí pobail maidir le tinneas agus leigheas.
    Item Type: Thesis (PhD)
    Keywords: Leigheasanna Traidisiúnta; Ghalair Ainmhithe; Éirinn; Stair agus Comhthéacs; Traditional Remedies; Animal Diseases; Ireland; History and Context;
    Academic Unit: Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish)
    Item ID: 21224
    Depositing User: IR eTheses
    Date Deposited: 24 Feb 2026 10:32
    Use Licence: This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here

    Downloads

    Downloads per month over past year

    Origin of downloads

    Repository Staff Only (login required)

    Item control page
    Item control page