Ní Bhreithiún, Gráinne (2014) Grinnstaidéar ar an nGaol Gabhlánach: Anailís Shochstairiúil ar Nádúr an Dátheangachais Shochaíoch in Éirinn le linn an Fichiú hAois. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Preview
Imleabhar 1 - Gráinne Ní Bhreithiún.pdf
Download (2MB) | Preview
Preview
Imleabhar 2 - Gráinne Ní Bhreithiún.pdf
Download (4MB) | Preview
Abstract
Tugann an taighde seo aghaidh ar fheiniméan an dátheangachais shochaíoch i gcás
phobal na hÉireann. Dírítear ar an nGaeilge agus ar an mBéarla, teangacha
neadaithe i stair na tíre, agus ar an ngaol eatarthu, chun na críche seo. Tuigtear gur
féidir iniúchadh a dhéanamh ar choincheap an dátheangachais trí dhá lionsa
éagsúla go príomha – lionsa a dhíríonn ar an gcoincheap mar thréith an duine
aonair, agus lionsa eile a dhíríonn ar an gcoincheap mar thréith grúpa cainteoirí nó
pobail. Is ar an gcoincheap deireanach a dhíríonn an taighde seo, coincheap a
dtugtar an dátheangachas sochaíoch air.
Léirítear ina bhfuil scríofa ar an ábhar seo gur feiniméan uilíoch é an
dátheangachas agus go bhfuil an iliomad diminsean ag baint leis. Go bunúsach,
áfach, baintear leas as mar shaintréith nuair atáthar ag déanamh cur síos ar staid
ina bhfuil úsáid dhá theanga i bpobal faoi leith le tabhairt faoi deara. Is léir ó
shainmhínithe an fheiniméin nach mór díriú ar shaincheisteanna amhail stádas
agus róil na dteangacha sa phobal, meon an phobail i leith na dteangacha úd,
cinntithigh rogha teanga agus úsáidí praiticiúla agus siombalacha na dteangacha.
Is é croí theoiric an tsaothair seo ná gur féidir stádas teangacha a chur i
gcoibhneas lena chéile, agus más cothrom lena chéile iad i bpobal faoi leith, gur
féidir dátheangachas cothrománach a thabhairt ar an staid theangeolaíoch.
Fiosraítear bailíocht an lipéid seo i gcás phobal na hÉireann sa saothar seo.
Leagtar béim ar thrí réimse (nó trí ghné saoil mar a mhaítear i sainmhíniú bunúil
an lipéid) faoi leith nach mór iniúchadh a dhéanamh orthu i ndáil leis an
gcomhionannas stádais seo: réimse an teaghlaigh, an réimse oifigiúil agus an
réimse cultúrtha. Baintear úsáid as creatlach theoiriciúil UNESCO i leith
‘Beogacht Teanga agus Teangacha i mBaol’ (UNESCO's Language Vitality and
Endangerment Methodological Guideline) mar chreatlach chun na críche seo. Is
meascán de mhodhanna cáilíochtúla agus de mhodhanna cainníochtúla iad a
mbaintear úsáid astu d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar: 1) sheachadadh na
Gaeilge agus an Bhéarla go hidirghlúineach; 2) líon iomlán chainteoirí na
dteangacha; 3) líon chainteoirí na dteangacha i gcoibhneas leis an daonra iomlán;
4) iompuithe i réimsí úsáide na dteangacha; 5) fhreagairt na dteangacha do réimsí
agus do mheáin nua; 6) na hábhair oideachas teanga agus litearthachta atá ar fáil
sna teangacha; 7) mheon teanga agus pholasaithe teanga rialtais agus institiúide;
8) mheon phobal na hÉireann i leith a dteangacha féin; agus ar 9) chineál agus ar
chaighdeán doiciméadaithe na dteangacha. Rianaíonn cás-staidéir faoi leith i
gcaitheamh an tsaothair seo an tionchar a bhí ag institiúidí éagsúla ar stádas na
Gaeilge go háirithe, agus é mar aidhm acu cur go suntasach le seasmhacht an
dátheangachais shochaíoch.
Tugann an taighde le tuiscint gur leochaileach agus gurbh éagothrom a bhí
dátheangachas sochaíoch na hÉireann ag deireadh an fichiú haois agus creidtear
nach bhfuil mórán athraithe tagtha ar an scéal ó shin. Sainaithníodh laigí maidir le
seachadadh na Gaeilge mar mháthairtheanga go háirithe, agus is ríléir gur ‘go
cinnte i mbaol’ atá an teanga i dtéarmaí chreatlach UNESCO. Léiríodh go
follasach nárbh ionann stádas na Gaeilge agus an Bhéarla ag deireadh na tréimhse
iniúchta agus, ar an ábhar sin, áitítear anseo gur lipéad neamhchruinn éigiallda é
an dátheangachas cothrománach chun cur síos a dhéanamh ar nádúr an
dátheangachais shochaíoch in Éirinn.
Item Type: | Thesis (PhD) |
---|---|
Keywords: | An Dátheangachas Sochaíoch; An Dátheangachas Sochaíoch in Éirinn; Stádas Teanga; An Dátheangachas Cothrománach; An Dátheangachas Cothrománach in Éirinn; Creatlach Theoiriciúíl UNESCO i leith ‘Beogacht Teanga agus Teangacha i mBaol’; Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; Societal Bilingualism; Societal Bilingualism in Ireland; Status of a Language; Horizontal Bilingualism; Horizontal Bilingualism in Ireland; UNESCO’s Language Vitality and Endangerment Methodological Guideline; 20 Year Strategy for the Irish Language; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 6523 |
Depositing User: | IR eTheses |
Date Deposited: | 10 Nov 2015 15:34 |
URI: | https://mural.maynoothuniversity.ie/id/eprint/6523 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year